Is fogha míleata nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus nach raibh bonn cirt leis é fogha na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus ón gcéad lá de, sheas an Eoraip le chéile, gualainn ar ghualainn.
Cuirimid tacaíocht ar fáil dóibh siúd atá ag lorg dídine agus cabhraímid leo siúd atá ag lorg slí shábháilte abhaile.
Leanfaidh an tAontas de chúnamh láidir polaitiúil, airgeadais agus daonnúil a chur ar fáil don Úcráin agus de smachtbhannaí a chur ar an Rúis agus orthu siúd atá comhpháirteach sa chogadh.
Oibrímid freisin chun a chinntiú go ndéanfar iad siúd a theith ón gcogadh a lánpháirtiú go tapa agus go héifeachtach i margadh an tsaothair.
Sa bhreis air sin, tá maoiniú ón Aontas Eorpach curtha ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach chun tacú leis na Ballstáit atá ag cur fáilte roimh dhaoine atá ag teitheadh ón Úcráin.
Maoiniú chun tacú le dídeanaithe ón Úcráin
Le CARE, tugadh isteach an tsolúbthacht is mó is féidir do na Ballstáit chun cistí an Bheartais Chomhtháthaithe 2014-2020 atá ar fáil a úsáid le haghaidh bearta a thacaíonn le daoine atá ag teitheadh ó ionradh na Rúise ar an Úcráin.
Thairis sin, d’fhéadfadh clúdach 2022 €10 mbilliún de chistí REACT-EU a úsáid láithreach chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais nua sin. Sa bhreis air sin, mhéadaigh an Coimisiún an réamh-mhaoiniú faoi REACT-EU faoi €3.5 billiún.
Rinne sé simpliú breise freisin ar úsáid cistí chun riachtanais láithreacha dídeanaithe a chlúdach, cuir i gcás bia, cúnamh ábhartha bunúsach chomh maith le costais lóistín agus iompair.
Is céimeanna tábhachtacha iad sin chun a chinntiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag na Ballstáit chun freastal ar na riachtanais tithíochta, oideachais agus cúraim sláinte atá ag dul i méid.
Rochtain ar phoist agus ar oiliúint dóibh siúd atá ag teitheadh ón Úcráin
Ón uair a thosaigh cogadh gan chúis na Rúise ar an Úcráin agus ar a sibhialtaigh, tá na milliúin duine tar éis teitheadh ón Úcráin agus tháinig siad chuig an Aontas Eorpach.
Go dtí seo, níl ach líon beag daoine atá in aois oibre tar éis dul isteach i margadh saothair an Aontais, cé go meastar go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaoine atá ag iarraidh é sin a dhéanamh.
Lánpháirtiú tapa éifeachtach na ndaoine atá ag teitheadh ón gcogadh isteach i margadh an tsaothair, is tábhachtach an méid sin, do na pobail óstacha agus dóibh siúd atá ag teitheadh chun go mbeidh siad in ann a saol a thógáil an athuair, leanúint de scileanna a fhorbairt agus tacú leis an atógáil san Úcráin sa deireadh thiar.
Ina theannta sin, tá sé ríthábhachtach scileanna atá ann cheana a fheabhsú agus scileanna nua a shealbhú chun a bheith rannpháirteach go rathúil sa mhargadh saothair agus sa tsochaí.
Chuige sin, cuireann an tAontas sraith uirlisí ar fáil a chuidíonn le daoine obair a fháil:
- Is ardán píolótach ar líne é Linn Tallann an Aontais Eorpaigh atá le fáil san Úcráinis agus sa Rúisis freisin. Cuidíonn sé chun scileanna daoine a mheaitseáil le folúntais a fhoilsíonn fostóirí an Aontais.
- Le hUirlis an Aontais Eorpaigh um Próifíliú Scileanna, aithnítear scileanna agus cáilíochtaí foirmiúla, rud atá ríthábhachtach chun teacht isteach daoine i margadh an tsaothair a éascú agus chun a chinntiú go bhfaighidh siad post a fhreagraíonn dá dtallanna.
Ina theannta sin, tá roinnt uirlisí curtha ar fáil ag an gCoimisiún san Úcráinis faoi ardán Europass. Cuideoidh sé sin le húsáideoirí ar Úcráiniseoirí iad CVanna a chruthú, a scileanna digiteacha a thástáil, iarratais a sheoladh agus tairiscintí poist agus oiliúna a aimsiú san Aontas.