Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Employment, Social Affairs and Inclusion
European Health Insurance Card
An Cárta Eorpach um Árachas Sláinte

Cad é an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte (CEÁS)?

Cárta saor in aisce atá ann lenar féidir leat cúram sláinte stáit a fháil, atá riachtanach ó thaobh leighis de, agus tú ag fanacht go sealadach in aon cheann de na 27 mBallstát den Aontas Eorpach, san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus sa Ríocht Aontaithe, faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna (saor in aisce i dtíortha áirithe) le daoine atá faoi árachas sa tír sin. 

Is é do sholáthraí árachais sláinte náisiúnta a eisíonn an CEÁS.

Tuilleadh eolais faoi úsáid an Chárta Eorpaigh um Árachas Sláinte

Eolas tábhachtach faoin gCárta Eorpach um Árachas Sláinte:

  • ní rogha eile ar árachas taistil é. Ní chlúdaíonn sé aon chúram sláinte príobháideach ná costais ar nós eitilt fillte chuig do thír dhúchais nó maoin a cailleadh/a goideadh,
  • ní chlúdaíonn sé do chostais más ag taisteal chun cóir leighis a fháil go sonrach atá tú, ná
  • ní ráthaíonn sé seirbhísí saor in aisce. Ós rud é gur córas difriúil é córas cúraim sláinte gach tíre, maidir le seirbhísí nach bhfuil costas orthu sa bhaile, b’fhéidir nach mbeidís saor in aisce i dtír eile.

Tabhair do d’aire: má athraíonn tú do ghnáthchónaí go tír eile, is ceart duit foirm S1 a úsáid chun clárú más mian leat cóir leighis a fháil sa tír nua sin, seachas úsáid a bhaint as an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte.

Tuilleadh eolais ar an ábhar seo

Nuacht ghaolmhar