Pinsin - An Coimisiún Eorpach
Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Suíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais EorpaighSuíomh gréasáin oifigiúil de chuid an Aontais
Employment, Social Affairs and Inclusion

Cuirtear na rialacha seo a leanas i bhfeidhm má tá cónaí ort agus más rud é gur oibrigh tú i gceann amháin nó níos mó de thíortha an AE, san Íoslainn, i Lichtinstéin, san Iorua nó san Eilvéis.

Cé a íocann do phinsean?

  • I ngach tír, caomhnaítear do thaifead árachais go dtí go mbaineann tú an aois inphinsin amach.
  • Íocfaidh gach tír ina raibh tú árachaithe ar feadh bliain amháin ar a laghad pinsean seanaoise leat, nuair a shroichfidh tú aois inphinsin náisiúnta na tíre sin.
    I gcás tréimhsí níos giorra, féach ár gceisteanna coitianta
  • Mar shampla, más rud é gur oibrigh tú i dtrí thír, gheobhaidh tú trí phinsean seanaoise ar leith. 

Conas a dhéantar do phinsean a ríomh?

Déanfar do phinsean a ríomh bunaithe ar do thaifead árachais i ngach tír: beidh an tsuim a gheobhaidh tú ó gach tír i gcomhréir le fad do chumhdaigh shlándála shóisialta sa tír sin. Gheobhaidh tú nóta achoimre (doiciméad P1) a thabharfaidh forbhreathnú duit ar na cinntí a rinne gach tír maidir le d'éileamh.

Cá háit ar chóir duit iarratas a chur isteach?

Fiú más rud é gur oibrigh tú i dtíortha éagsúla, ba chóir duit iarratas a chur isteach ar do phinsean sa tír ina bhfuil cónaí ort, ach amháin sa chás nár oibrigh tú sa tír sin riamh. Sa chás seo, ba chóir duit iarratas a chur isteach sa tír dheireanach inar oibrigh tú.
Bain úsáid as ár n-eolaire chun institiúid teagmhála a aimsiú

Ag dul ar scor thar lear

Íocfar do phinsean beag beann ar an áit ina bhfuil tú ag fanacht nó ina bhfuil cónaí ort san Eoraip (AE 27 + an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua nó an Eilvéis). Chun na coinníollacha i dtíortha eile a fheiceáil, féach ár gceisteanna coitianta.

Faigh amach faoi do chearta de réir tíre

Pinsin eile

I gcoitinne, baineann na rialacha céanna le pinsin seanaoise is a bhaineann le pinsin easláine agus le pinsin le haghaidh céilí marthanacha nó dílleachtaí.

Tuilleadh faisnéise

Scrúdaigh ár gceisteanna coitianta chun tuilleadh faisnéise a fháil maidir leo seo a leanas, do phinsean a éileamh, do chearta cúram sláinte, an aois inphinsin agus ceisteanna gaolmhara eile.

Cúnamh de dhíth ort go fóill?

Nach bhfuair tú an t-eolas a bhí uait?

Cuir fiosrúchán isteach trí Europe Direct 00800 6 7 8 9 10 11
Réitigh fadhbanna le riarachán náisiúnta (SOLVIT)
Faigh comhairle dlí ón tseirbhís, An Eoraip Agatsa - Comhairle

More information on this topic: