Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Employment, Social Affairs and Inclusion
ALMA
ALMA


Seasann ALMA do ‘Aim, Learn, Master, Achieve nó Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh’. Is tionscnamh de chuid an Aontais é agus is é is aidhm dó tacú le daoine óga nach bhfuil i mbun aon chineál fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna).

Is é an sprioc atá ann cabhrú leis na daoine óga is mó atá faoi mhíbhuntáiste (idir 18 agus 29 mbliana d’aois) imeascadh sa tsochaí trí rochtain a fháil ar obair nó ar oiliúint.

De ghnáth, is daoine leochaileacha iad i dtaca leis na deiseanna atá acu chun rochtain a fháil ar fhostaíocht nó ar oiliúint ar chúiseanna aonair nó struchtúracha (e.g. míchumas, dífhostaíocht fhadtéarmach, cáilíochtaí/scileanna neamh-leordhóthanacha, cúlra imirce).

Cuireann an tionscnamh sin an méid seo a leanas ar fáil do na rannpháirtithe:

  • Dianoiliúint shaincheaptha ina dtír dhúchais (an chéim ullmhúcháin)
  • Socrúchán oibre faoi mhaoirseacht agus seirbhísí meantóireachta ag gabháil leis ar feadh tréimhse idir 2 agus 6 mhí i mBallstát eile den Aontas (an chéim soghluaisteachta)
  • Nuair a fhilleann siad ar a dtír dhúchais, tabharfar treoir dóibh faoi thacaíocht leantach le go mbeidh siad in ann na scileanna nua atá foghlamtha acu a úsáid chun fostaíocht a fháil nó chun tabhairt faoi oideachas breise (an chéim leantach)

Cad iad na costais a chlúdófar?

Clúdaíonn ALMA na costais a bhíonn ar na rannpháirtithe, cuir i gcás:

  • taisteal
  • árachas
  • slándáil shóisialta
  • bunriachtanais, cuir i gcás bia agus lóistín
  • oiliúint agus comhairleoireacht roimh an tréimhse i dtír eile, lena linn agus ina diaidh freisin

An féidir le daoine óga iarratas díreach a dhéanamh?

Ní féidir le daoine aonair iarratas díreach a dhéanamh ar ALMA.

Ós rud é go bhfuil ALMA á chur chun feidhme faoi láthair faoi chláir náisiúnta agus réigiúnacha de chuid Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), is iad na heagraíochtaí a chómhaoiníonn na cláir sin na heagraíochtaí a shainaithníonn na rannpháirtithe.

Cén chaoi ar féidir le heagraíochtaí páirt a ghlacadh in ALMA?

Más eagraíocht phoiblí nó phríobháideach thú, má tá tú lonnaithe i mBallstát den Aontas Eorpach agus más mian leat páirt a ghlacadh i gcur chun feidhme an tionscnaimh seo, téigh i dteagmháil le húdarás bainistíochta CSE+ i do thír agus/nó réigiún.

I measc na samplaí tá eagraíochtaí don óige, eagraíochtaí neamhrialtasacha, údaráis áitiúla, ionaid phoist, scoileanna, soláthraithe gairmoideachais/gairmoiliúna.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le EMPL-ALMAatec [dot] europa [dot] eu (EMPL-ALMA[at]ec[dot]europa[dot]eu) agus seiceáil lámhleabhar treorach ALMA.

Cúlra

Is é is aidhm do ‘Beartaigh, Foghlaim, Máistrigh, Gnóthaigh,’ nó ALMA, cuimsiú agus fostaíocht na rannpháirtithe a chothú ina dtír dhúchais trí fheabhas a chur ar na scileanna, ar an eolas agus ar an taithí atá acu, sin agus deis a thabhairt dóibh naisc nua a chruthú ar fud na hEorpa.

Cuireann na Ballstáit i bhfeidhm é agus tacaíonn an Coimisiún Eorpach leis ar leibhéal an Aontais.

Tá ALMA ag tógáil ar thionscnamh maidir le cuimsiú sóisialta atá á chur chun feidhme sa Ghearmáin ó bhí 2008 ann (IdA, Integration durch Austausch). In 2012 ghlac líonra trasnáisiúnta, a fuair tacaíocht ó CSE agus ina raibh 15 Bhallstát páirteach (Líonra Soghluaisteachta TLN), seilbh ar an tionscnamh agus ó bhí 2015 ann, trí ghlao trasnáisiúnta ar thograí i gcomhthéacs Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) 

Seoladh glao píolótach go déanach in 2022 (buiséad táscach €15 mhilliún) chun cabhrú le Ballstáit an Aontais ALMA a chomhtháthú ina gcláir CSE+, trí ghníomhaíocht de chineál ALMA a phíolótú nó a mhéadú.

An cúlra polaitiúil

Leis an tionscnamh sin, déanann an Coimisiún a ngealltanas a athdhearbhú i dtaca leis na tionscnaimh seo a leanas:

Déanann ALMA comhlánú ar na cláir atá ann cheana lena dtacaítear le soghluaisteacht daoine óga, cuir i gcás:

Nuacht ghaolmhar

Imeachtaí gaolmhara