Ar aghaidh go dtí an príomhábhar
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Employment, Social Affairs and Inclusion

Poist atá in áirithe do náisiúnaigh

Tá cead ag tíortha an AE poist áirithe san earnáil phoiblí a chur in áirithe dá náisiúnaigh féin. Eisceacht is ea é sin ó riail ghinearálta shaorghluaiseacht na n-oibrithe, is dá bhrí sin ní mór é a léiriú go sriantach.

  • Ní fhéadfar a shrianadh do náisiúnaigh ach poist ina mbíonn páirtiú go díreach nó go hindíreach i bhfeidhmiú údaráis phoiblí, agus i ndualgais chun leas ginearálta an stáit a choimirciú.
  • Ní mór na critéir sin a mheas i ngach cás ar leith, agus cúraimí agus freagrachtaí an phoist á gcur san áireamh.

Earcú agus coinníollacha oibre

I gcás post eile nár srianadh do náisiúnaigh, ní mór plé le náisiúnaigh ó thíortha eile san AE ar chomhchéim le náisiúnaigh maidir le:

  • rochtain ar phoistk, m.sh. nósanna imeachta earcúcháin
  • coinníollacha oibre, amhail tuarasta agus grád
  • aitheantas ar thaithí ghairmiúil is ar shinsearacht

Nuair a chuireann daoine isteach ar phoist earnála poiblí i dtíortha eile san AE, b'fhéidir go mba dheacair dóibh aitheantas a fháil do thaithí ghairmiúil agus do shinsearacht a fuair siad i dtíortha eile san AE. Mar sin féin:

  • ní mór d'fhostóirí na hearnála poiblí tréimhsí fostaíochta inchomparáide i dtíortha eile san AE a chur san áireamh - don earcú agus chun tuarastal, grád agus coinníollacha eile oibre a shocrú
  • ní mór plé leis na tréimhsí sin ar chomhchéim le taithí ghairmiúil is le sinsearacht a fuarthas sa tír aíochta.

Breis eolais