Cad is ESSPASS ann?
I mí an Mhárta 2021 d’fhógair an Coimisiún sa Phlean Gníomhaíochta um Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta go gcuirfí tús le treoirthionscadal lena bhféachfaí le réiteach digiteach a sheoladh faoi 2023 chun an idirghníomhaíocht idir saoránaigh shoghluaiste agus údaráis náisiúnta a éascú agus chun feabhas a chur ar fheidhmiú na gceart slándála sóisialta thar theorainneacha (Pas Eorpach Slándála Sóisialta, ESSPASS). Le ESSPASS, ba cheart go n-éascófar an tsoghluaisteacht trasteorann trí fhíorú chumhdach slándála sóisialta agus theidlíochtaí na saoránach soghluaiste a dhigitiú ag na hinstitiúidí inniúla agus gníomhairí eile.
Dhírigh an chéad chéim ar fhíorú digiteach trasteorann a dhéanamh ar bhailíocht agus bharántúlacht an Doiciméid Iniompartha A1. Léirítear sa Doiciméad Iniompartha sin an reachtaíocht slándála sóisialta is infheidhme maidir leis an sealbhóir agus úsáidtear é, mar shampla, nuair a chuirtear duine ag obair go sealadach i mBallstát eile seachas an Ballstát ina bhfuil sé faoi árachas. Cinntítear leis sin go seachnófar íocaíocht dhúbailte ranníocaíochtaí, ós rud é go gcruthaítear leis go n-íoctar ranníocaíochtaí sóisialta i mBallstát eile. Léiríonn torthaí na chéad chéime conas a d’fhéadfadh ESSPASS cabhrú le simpliú a dhéanamh ar shaol na saoránach soghluaiste agus na ngnólachtaí a chuireann seirbhísí ar fáil i dtíortha eile, lena n-áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, trí nósanna imeachta a chuíchóiriú agus trí ualaí riaracháin a laghdú.
Mar obair leantach ar an gcéad chéim sin, tá píolótú breise á dhéanamh ag dhá chuibhreannas d’institiúidí na mBallstát maidir le Doiciméad Iniompartha A1 a eisiúint agus a fhíorú chomh maith leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte, iad ag fáil tacaíocht airgeadais ón gClár don Eoraip Dhigiteach. Cuireadh tús leis an bpíolótú sin i lár-2023 ar feadh tréimhse dhá bhliain.
Cé atá rannpháirteach?
Is institiúidí as 12 thír (AT, BE, CZ, DK, DE, IE, IT, NL, PL, PT, ES, SE) a dhéanann an píolótú breise, ar cuid iad den dá chuibhreannas atá á maoiniú faoin gClár don Eoraip Dhigiteach.
Is ann do mhalartú leictreonach faisnéise cheana féin i gcomhordú na slándála sóisialta (trí chóras EESSI). Cén fáth a bhfuil gá le ESSPASS?
Is córas malartaithe teachtaireachtaí é EESSI lenar féidir faisnéis a mhalartú go slán tapa idir institiúidí (e.g. chun teidlíochtaí pinsin duine a d’oibrigh i roinnt Ballstát ar feadh a ghairmréime a ríomh). Is iad na hinstitiúidí slándála sóisialta amháin a bhfuil rochtain acu ar chóras EESSI. Le treoirthionscadal ESSPASS déantar iniúchadh ar bhealaigh chun EESSI a chomhlánú trí éascú a dhéanamh ar na hidirghníomhaíochtaí idir saoránaigh shoghluaiste agus údaráis phoiblí ábhartha agus gníomhaithe eile chun críoch slándála sóisialta (e.g. cigirí saothair nó soláthraithe cúraim sláinte), rud a fhágann gur féidir fíorú a dhéanamh ar chumhdach slándála sóisialta agus ar theidlíochtaí i bhfíor-am, agus gur féidir leis na gníomhaithe sin nach bhfuil rochtain acu ar chóras EESSI déanamh amhlaidh chomh maith.
Le ESSPASS, an mbainfear úsáid as na tiachóga um chéannacht dhigiteach Eorpach atá beartaithe?
An 3 Meitheamh 2021 d’fhoilsigh an Coimisiún an togra le haghaidh Creat Eorpach um Chéannacht Dhigiteach (EUDI). Leis an tionscnamh, déantar athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil trasteorann atá ann cheana le haghaidh céannachtaí digiteacha iontaofa (an Rialachán maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe Eorpacha (eIDAS)). Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil an 29 Meitheamh 2023. Is dócha go dtiocfaidh an Rialachán i bhfeidhm sa dara leath de 2023.
Le tiachóga comhchuibhithe an Aontais Eorpaigh um chéannacht dhigiteach (mar chuid den chreat nua EUDI), beidh saoránaigh in ann sonraí agus doiciméid/cuntais dhigiteacha a stóráil agus a chomhroinnt le haghaidh gach cineál seirbhíse ar bhonn deonach (e.g. ceadúnas tiomána, oidis leighis nó cáilíochtaí oideachais). Le treoirthionscadal ESSPASS táthar ag fiosrú bealaí chun úsáid a bhaint as an gcreat sin agus as na tiachóga um chéannacht dhigiteach Eorpach.
Conas a chinnteoidh an Coimisiún go mbeidh sonraí pearsanta sábháilte agus go gcuirfear rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí i bhfeidhm go docht?
Beidh ar aon tionscnamh nua reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, go háirithe an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí, agus na rialacha slándála. Réiteach ESSPASS a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo lena bhféadfar teidlíochtaí slándála sóisialta na saoránach taistil agus na n-oibrithe i dtír eile a fhíorú, ní mór dó na rialacha sin a chomhlíonadh agus ní mór dó freisin ceanglais inrochtaineachta a chomhlíonadh agus gach duine a chuimsiú – go háirithe iad siúd atá faoi mhíchumas, daoine scothaosta, agus iad siúd nach bhfuil scileanna digiteacha acu.
Cad é an nasc leis an bPointe Rochtana Aonair Digiteach?
Leis an Rialachán maidir leis an bpointe rochtana aonair digiteach, tugadh isteach an oibleagáid ar na Ballstáit na príomhnósanna imeachta riaracháin a chur ar fáil go hiomlán ar líne amhail ón 12 Nollaig 2023. Ar cheann de na nósanna imeachta sin tá an t-iarratas ar an reachtaíocht is infheidhme a chinneadh (arb é an t-aschur an Doiciméad Iniompartha A1), agus sampla eile is ea an t-iarratas ar Chárta Eorpach um Árachas Sláinte.
Fágann sé sin gur cheart go mbeadh iarratais den sórt sin – agus an freagra (aschur) ar na hiarratais sin (an Doiciméad Iniompartha A1 agus an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte) – ar fáil do shaoránaigh ar líne.
Comhlánaíonn treoirthionscadal ESSPASS é sin trí fhéachaint ar bhealaí inar féidir barántúlacht agus bailíocht na ndoiciméad (leictreonach) sin a fhíorú i gcásanna trasteorann.
An ndéanfadh ESSPASS difear do na rialacha maidir le comhordú na slándála sóisialta nó don athbhreithniú leanúnach orthu sin?
Le treoirthionscadal ESSPASS, táthar ag fiosrú conas nósanna imeachta maidir le comhordú na slándála sóisialta a shimpliú; níl sé d’aidhm aige raon feidhme ábhartha ná pearsanta na rialacha comhordúcháin a athrú. Na malartuithe páipéir atá ann faoi láthair idir daoine/gnólachtaí soghluaiste agus riaracháin shoghluaiste, soláthraithe cúraim sláinte nó cigirí saothair, chuirfí modhanna leictreonacha in ionad na malartuithe páipéir sin a mhéid is féidir.